Is Féile tré mheán na Gaeilge do dhéagóirí í Scléip na hÓige a mhaireann ceithre lá. Tagann na hÓgeagraíochtaí Gaeilge ar fad le chéile ag an bhFéile seo. Eagraítear Scléip na hÓige go bliantúil ag an am céanna le hOireachtas na Samhna. Chun a thuilleadh eolais a fháil faoi fhreastal ar an imeacht seo le d’Ógchlub seol ríomhphost chuig eolas@cnb.ie