De bharr an éileamh breise i mbliana, ba mhór d’fhoireann Cumann na bhFiann a chur in iúl faoi dhá lá breise do Carnabhal na nGaelscoileanna 2022!!  Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí na nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.  Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, buaileadh le daltaí ó Gaelscoileanna eile ar thuras go hiomláin tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na gaeilge a normalú do bhur dhaltaí, lasmuigh den seomra ranga/geataí na scoile agus cur leis an dea obair atá ar siúl agaibh cheanna féin sa scoil.  Beidh dhá dáta ar dhá láthair nua i Mí Méan Fómhair.

Cúige Uladh – Lárionad Spóirt An Teampall Mór,  Bóthar Bhun Cranncha, Co. Dhoire. 19/09/2022 Rang 5 -7

Cúige Connacht – Gaelscoil Liatroma, Cara Droma Rúisc, Co. Liatroma. 20/09/2022 Rang 4 -6

 

Má tá suim agat lá mar seo a eagrú i do cheanntar do 2023 cur scéal chugainn faoi!

Do tuilleadh eolais déan teagmháil le barra@cnb.ie +353 87 9882180 +353 1 8259342

#carnabhalnagaelscoileanna #tionolgaeloideachas #gaelscoileanna #scoileannasagaeltacht

Le do scoil a chlárú brú ANSEO