Múinteoirí

I rannóg na Scoileanna/Múinteoirí tá eolas faoi mhodhanna éagsúla tacaíochta atá ar fáil chun cabhrú le múinteoirí grá don Ghaeilge a chothú laistigh is lasmuigh den seomra ranga. Tá rannóg freisin faoi thurasanna scoile. Is féidir linn turas a chur in oiriúint de réir mian an mhúinteora. Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis lá a chaitheamh le daltaí agus múinteoirí as dhá Ghaelscoil eile in Ionad Óige na hÉireann i gCo na Mí. Tá eolas thíos faoi ‘Bain triail as Club’ i do scoil.

 

Bain triail as Club i do scoilse

Cuirfidh Cumann na bhFiann tacaíocht ar fáil chun Club Trialach a chur ar bun i do scoilse ar feadh tréimhse suas le ceithre sheachtain. Is í an aidhm atá leis seo ná a thaispeáint do cheannaire club conas club a reáchtáil. Léirítear freisin conas úsáid a bhaint as coincheapanna éagsúla cluichí chun an teanga a chur chun cinn.

 

Turas Scoile

Is é Ionad Óige na hÉireann an chéad ionad lán-Ghaeilge do dhaoine óga in Éirinn. Is í aidhm an ionaid timpeallacht lán-Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga chun deis a thabhairt dóibh a gcuid Gaeilge a úsáid ar bhonn sóisialta i suíomh taitneamhach, nádúrtha. D’fhonn é seo a chur ar fáil eagraítear go leor gníomhaíochtaí i réimsí éagsúla: ceol; ealaín; spórt; drámaíocht 7rl  Creidimid gur gá áiseanna ar chaighdeán ard a chur ar fáil do dhaoine óga, áiseanna a chabhraíonn chun grá don teanga agus bród aisti mar theanga bheo a chothú iontu.

Faigh tuilleadh eolais anseo

 

Carnabhal na nGaelscoileanna

Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí na nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá rogha de thrí ionad éagsúil, ina mbeidh Carnabhal na nGaelscoileanna ar siúl i, gCo. na Mí, gCo. Chorcaí agus gCo Thír Eoghain le linn mí an Mheitheamh. Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, buaileadh le daltaí ó Gaelscoileanna eile ar thuras go hiomláin tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na gaeilge a normalú do bhur dhaltaí, lasmuigh den seomra ranga/geataí na scoile agus cur leis an dea obair atá ar siúl agaibh cheanna féin sa scoil.