Mar chuid den obair atá idir lámha ag Cumann na bhFiann cuireadh oige.ie ar bun chun aird a tharraingt ar na gníomaíochtaí ar fad atá ar fáil do dhaoine óga lasmuigh de thimpeallacht na scoile. Caithfear deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga blaiseadh den Ghaeilge, i suíomhanna sóisialta, mar theanga bheo agus ní mar theanga scoile amháin. Ionas gur féidir linn daoine óga a mhealladh chun an Ghaeilge a labhairt le cairde leo a bhfuil an teanga acu caithfimid cúis mhaith a thabhairt dóibh le sin a dhéanamh. Sin é an dúshlán atá romhainn. Caithfimid deimhin a dhéanamh de, i gcónaí, nach gá do dhaoine óga rogha a dhéanamh toisc nach bhfuil gníomhaíocht ar fáil dóibh as Gaeilge. Má éiríonn linn aird a tharraingt ar a bhfuil ar fáil lasmuigh den scoil ó thaobh úsáid na Gaeilge de éireoidh linn a léiriú do na daoine óga gur gnáthrud é Gaeilge a úsáid le cairde agus le daoine a bhfuil na spéiseanna céanna acu. Agus iad fós sna déaga tá sé riachtanach bealach éasca a chur ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a roghnú mar theanga a labhraíonn siad le cairde atá breá sásta Gaeilge a labhairt leo. Is deacair sean-nós a bhriseadh agus más nós le duine Gaeilge a labhairt le duine eile agus é ina óige leanfaidh an nós sin go deo. Mar sin déanaimis iarracht deimhin a dhéanamh de gur rogha éasca é do na daoine óga an Ghaeilge a labhairt agus í a bheith ina cuid lárnach den ghnáthshaol acu le cúnamh ó na grúpaí seo a leanas: na hógeagraíochta lánGhaeilge, na múinteoirí Gaeilge sna scoileanna fud fad na tíre, na scoileanna lánGhaeilge ar fad 7rl