Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá rogha trí ionad éagsúil, ina mbeidh Carnabhal na nGaelscoileanna ar siúl: Co. na Mí, Co. Chorcaí agus Co Thír Eoghain le linn mí an Mheithimh. Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den seomra ranga/geataí na scoile agus cur leis an dea-obair atá ar siúl agaibh cheana féin sa scoil.