Is eagraíocht náisiúnta Gaeilge í Cumann na bhFiann a bunaíodh os cionn caoga bliain ó shin. Faigheann an Cumann cuid dá mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Is ceann den sé phríomh-eagraíochtaí Gaeilge í. Tá traenáil ceannairí ina cuid lárnach de shaothar an Chumainn ionas go mairfidh an teanga is go nglacfaidh na daoine óga leis an nGaeilge mar chuid lárnach dá saol amach anseo. Is í bunchloch na hoibre ag an Chumann deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid ar bhonn sóisialta. Leagtar béim ar ghréasáin labhartha na Gaeilge a chothú ionas go mbeidh cairde le Gaeilge ag daoine óga. Bíonn na deiseanna sin acu ó bheith ag freastal ar imeachtaí, bheith ina mbaill d’Ógchlubanna agus de Chumann Gaelach ag an tríú leibhéal. Tá sé rí-thábhachtach go mbeadh deis ag gach duine óg an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha i measc cairde lasmuigh de thimpeallacht na scoile cuma an bhfuil an duine sin ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge nó scoil Béarla. Cuireann Cumann na bhFiann comhairle agus tacaíocht ar fáil, freisin, do ghrúpaí agus do dhaoine aonair ar suim leo club nó imeacht a reáchtáil trí mheán na Gaeilge.