Is í Tóstal na bhFiann an ócáid is mó i bhféilire na bliana: céiliúradh mór ar an méid atá bainte amach ag daltaí thar an samhradh chomh maith le seoladh imeachtaí an gheimhridh de chuid Chumann na bhFiann. Is teacht le chéile oifigiúil agus lá spraoi é Tóstal na bhFiann do dhaltaí a d’fhreastail ar chúrsaí de chuid Choláiste na bhFiann agus dá muintir. Freastalaíonn 1000+ duine ar an imeacht gach bliain, agus cuirtear fáilte ar leith roimh thuismitheoirí teacht ar an lá. Tugann Tóstal na bhFiann deis do dhaltaí bualadh lena gcairde úra ó na cúrsaí samhraidh i dtimpeallacht Ghaeilge. Eagraítear imeachtaí ar an lá de réir cúrsaí, ag ligint do dhaltaí am a chaitheamh le daoine a bhfuil aithne acu orthu. Bíonn an fhoireann dícheallach céanna ó na cúrsaí samhraidh ann ar an lá le maoirseacht a dhéanamh ar an imeacht.