Tá Foras na Gaeilge arís ag fáiltiú roimh iarratais ar an gCiste Tionscada. Tá sé mar aidhm ag an gCiste, a bunaíodh in 2020, tacú le réimsí oibre agus tionscadail nach dtiteann faoi ghnáthréimsí scéimeanna Fhoras na Gaeilge.

Beidh deontais dar luach idir €1,000/£900 agus €12,000/£10,800 á gcur ar fáil d’eagraíochtaí ar fud fad an oileáin agus fáilteofar go háirithe roimh iarratais a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar bhealaí nuálacha, chomh maith le coincheapa agus tionscadail a rachaidh chun leasa do phobal na Gaeilge.

I measc na ndeontas a ceadaíodh go dtí seo le cúnamh ón gCiste, tá scannán Gaeilge leis an Project Arts Centre, tionscadal comórtha ar Thomás Ó Máille le hOllscoil na hÉireann Gaillimh, tionscadal turasaóireachta i gCeantar an Chéide in Ard Mhacha, tionscadal leis an Taisce Cheol Dúchais Éireann agus beochaintí siamsúla agus oideachasúla do dhaoine óga.

Is é Dé hAoine, 22 Aibreán 2022 sprioc an Chiste i mbliana.

Gach eolas: https://www.forasnagaeilge.ie/funding-schemes/an-ciste-tionscadal-2022/

#forasnagaeilge