Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís Ghaeilge náisiúnta is mó don Óige. Bíonn an Cumann ag díriú go príomha ar sholáthar Ógchlubanna seachtainiúla nó coicísiúla chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann sé seo deis do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid agus feabhas a chur ar a gcumas labhartha lasmuigh de thimpeallacht na scoile. Cuireann Cumann na bhFiann deiseanna ar fáil do dhaoine óga bualadh le chéile trí mheán na Gaeilge agus gréasáin cairdis a chruthú le daoine óga eile as gach cearn den tír.