Thug Feachtas, Óg-Ghluaiseacht Gaeilge dúshlán dá mbaill óga sna clubanna, tabhairt faoi ghníomh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Ba é téama an chomórtais ná “Athdhéanta le Grá”. Agus nach iad na tograí a bhí spreagúil.

Rinne Alanna – an buaiteoir sa rannóg shóisearach – ó Chlub Óige Feachtas, Baile Lotrail, Contae Bhaile Átha Cliath, pota planda as buidéal plaisteach. 

Rinne an buaiteoir an rannóg shinsearach, Tara De Breit, ó Thamhlacht, Baile Átha Cliath, mála gualainne as a seanbhríste géine.

Thóg Hannah Ní Bhaíolláin ó Bhaile Brigín “tithe” nua do na beacha as cannaí bia.

Rinne Darragh Ó Baíolláin binse deas i ngairdín a mhuintire féin as pailéad. Mhol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman saothar na bpáistí uile ag bronnadh na nduaiseanna i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir. 

Tá Feachtas, Óg Ghluaiseacht Gaeilge an buíoch leis An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige as an maoiniú don deontas Ceartas Aeráide.