We invite all organisations and groups to register events on www.óige.ie to ensure as wide an audience as possible.  All events registered will be highlighted prior to the event.

 

 

 

 

www.cnb.ie

 

Eagraíonn Cumann na bhFiann gréasán d’óg-chlubanna seachtainiúla ar fud an oileáin, mar aon le himeachtaí agus córas oiliúna cinnireachta. Is é aidhm na heagraíochta an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga i dtimpeallacht spreagúil trí dheiseanna nádúrtha a chruthú d’úsáid na Gaeilge mar theanga bheo le struchtúr cinnireachta d’ardchaighdeáin atá lárnach d’obair leanúnach na heagraíochta agus d’earnáil óige na Gaeilge. 

 

 

 

 

www.ogras.ie

 

Eagraíocht óige a chuireann seirbhísí obair óige ar fáil trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga idir 7-19 mbliana d’aois ar bhonn Uile Oileánda. Tá sé mar aidhm ag Ógras spás sábháilte a chur ar fáil do dhaoine óga ionas gur féidir leo páirt iomlán a ghlacadh i gclár oibre don aos óg atá spleodrach, éagsúil agus pleanáilte agus curtha ar fáil trí Ghaeilge chun machnamh cruthaitheach, neartú muiníne agus forbairt shóisialta a spreagadh.

 

 

 

 

www.spleodar.com

 

Is iad labhairt agus foghlaim na Gaeilge croílár Spleodar chomh maith le cinnireacht a fhorbairt i ndaoine óga. Is ógeagras é Spleodar a eagraíonn ógchlubanna ar fud na tíre chomh maith le cúrsaí samhraidh i gcroílár Chonamara. Tugann na clubanna deis do scoláirí bualadh lena chéile i suíomh sábháilte agus páirt a ghlacadh in imeachtaí lán-Ghaeilge.

 

 

 

 

www. feachtas.ie

 

 

Eagraíonn Feachtas clubanna óige trí Ghaeilge do dhaoine óga. Tá sé mar aidhm acu an féinriar agus an fhorbairt phearsanta a chur chun cinn i measc bhaill na gclubanna. Cuireann na clubanna óige ceardlanna éagsúla ar fáil agus glacann siad páirt i saol na Gaeilge. Tugann siad cuidiú le clubanna óige a bhunú freisin.

 

 

 

 

www.foramnanog.com

 

 

Is eagraíocht ionadaíochta í Fóram na nÓg don earnáil óige Ghaeilge i gCúige Uladh. Is é príomhaidhm na hEagraíochta fás agus forbairt na hearnála óige Gaeilge a éascú le freastal ar riachtanais oideachais agus shóisialta aos óg na Gaeilge. Oibríonn Fóram na nÓg ar leas na gclubanna óige Gaeilge, idir na hoibrithe agus na daoine óga féin. Tá sé mar phríomh-chúspóir ag an Fhóram na clubanna seo a láidriú agus a fhorbairt. 

 

 

 

www.muintearas.com

 

 

 

Tá cláracha don óige ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí d’obair na heagraíochta. Tá clár óige, maoinithe ag an gCrannchur Náisiúnta, á réachtáil ag Muintearas le 20 bliain anuas. Cuirtear réimse leathan gearr chúrsaí & tograí sainspéise, maraon le himeachtaí áitiúla agus idir-Ghaeltachta, ar fáil d’aos óg na Gaeltachta. Rinneadh co-nascadh idir Óige na Gaeltachta agus Muintearas i 2015.

 

 

 

 

www.ancarn.org

 

 

Carntogher is a bilingual community with a young, growing and vibrant Irish-speaking community. It is the only community in Ireland outside the Gaeltacht where the majority of Primary School children receive their education through the medium of Irish. The Association has ambitious plans for the restoration of the Carntogher Area as a modern, 21st Century Gaeltacht.